Tá duine ar bith in ann cúrsa, deis soghluaisteachta nó iarratas le haghaidh comhpháirtíocht straitéiseach a phostáil ar an School Education Gateway. Is é an t-aon choinníoll amháin chun liostáil a chruthú ná nach mór d’úsáideoirí cuntas logála isteach a bheith acu atá comhlachaithe le heagraíocht, agus ní mór do gach eagraíocht Cód Aitheantais Rannpháirtí (PIC) a bheith acu.
Cuireann eagraíochtaí neamhspleácha cúrsaí, deiseanna soghluaisteachta agus iarratais le haghaidh comhpháirtíocht straitéiseach ar fáil agus iarrtar orthu cloí le téarmaí agus coinníollacha an School Education Gateway maidir lena liostálaithe. Ní dhéanann an Coimisiún Eorpach nó Gníomhaireachtaí Náisiúnta réamh-fhormheas nó fíordheimhniú ar na liostálaithe.
Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach freagracht nó dliteanas ar bith maidir le hábhar, le soláthar nó le bainistíocht. Tá úsáideoirí in ann aon ábhar nó eagraíocht a cheapann siad a bheith mídhleathach nó gáirsiúil a thuairisciú. Is féidir teagmháil a dhéanamh le riarthóirí an tsuímh ghréasáin trí na leathanaigh thacaíochta.